Rinne mé lúcháir mar go ndúradh liom: Rachaimid i dteach an Tiarna. Tá ár gcosa leagtha cheana féin i mbéal do gheataí, a Iarúsailéim.
Ó Liotúirge an Phroifisiúin Rialta
|
Éargna don Ghairm Chrábhaidh
Céard atá i gceist le héargna don ghairm chrábhaidh?
Bhí fís ag Dia dár saol ón nóiméad a chruthaigh sé muid a chomhlíonann ár bpoitéinseal go hiomlán. Is éard atá i gceist le héargna don ghairm chrábhaidh ná rogha a dhéanamh saoirse iomlán a thabhairt do Dhia an plean atá aige dúinn a nochtadh, agus a bheith muiníneach go bhfuil a fhios aige céard is fearr a d'fheilfeadh dúinn.
Nochtann Dia A phlean dúinn trí ligean dúinn mianta is doimhne ár gcroíthe a aimsiú. Tá an t-iliomad mianta againn in go leor réimsí dár saol, ach nochtfar ár ngairm dúinn nuair a thuigimid an mhian is doimhne dá bhfuil againn. Seo é ár mbealach uathúil féin freagra a thabhairt do ghrá Dé, bíodh sé sa saol pósta, sa saol rialta, nó ar bhealach éigin eile. D'fhéadfadh sé a bheith i gceist anseo scaoileadh lenár smaointe agus lenár bpleananna féin, agus ligean do Dhia muid a threorú. Ní bhíonn sé seo éasca ach tá grá as cuimse ag Dia dúinn agus an áit a d'treoróidh Sé muid, is ann is mó a bheimid sásta agus comhlíonta. Ní gá imní ná faitíos a bheith orainn; níl le déanamh againn ach coinneáil orainn ag cur ndóchas ann, agus a bheith muiníneach as an ngrá atá aige dúinn.
Tosaímid ar an turas cuardaithe mar thoradh ar an mian atá againn a bheith i gcaidreamh níos doimhne leis an Tiarna, atá ag glaoch orainn agus a a bhfuil uaidh a bheith i dteagmháil linn. Ní go dtí go dtuigimid an grá síoraí atá ag an Tiarna dúinn a bheimid in ann freagra na Maighdine Muire, 'fiat!', a thabhairt dó. "Féach, mise banóglach an Tiarna; déantar liom de réir d'fhocail." (Lúcás 1:38). Is í atá ina compánach agus ina treoraí buan againn, ach tá sé den riachtanas freisin go mbeadh stiúrthóir spioradálta oilte dár dtionlacan ar an turas. Níor cheart d'aon duine eile ár n-éargna a dhéanamh ar ár son, ach is féidir leo cabhrú linn toil Dé a aireachtáil agus teacht in inmhe i saoirse.
Tugaimid roinnt smaointe agus ceisteanna anseo a d'fhéadfadh a bheith ina gcúnamh duit agus tú i mbun fiosraithe. Tá an ghuí atá againn duit curtha i bhfocail ag an bPápa Benedict XVI: "Agus tú ag fáil cothú ó phaidreoireacht phearsanta, ag fáil leideanna sa chiúnas, agus tú múnlaithe ag liotúirge na hEaglaise, aimseoidh tú an plean atá ag Dia duit." (Cruinniú le daoine óga, Nua Eabhrac 2008)
Cén fáth a bhfuil orm éargna a dhéanamh maidir leis an bplean atá ag Dia dom?
Má tá plean ag Dia dár saol, cén fáth mar sin gur minic a thosaímid ag an áit mhícheart-linn féin? Is gnáth go mbíonn na ceisteanna a chuirimid orainn féin an-leithleasach: "céard atá uaim sa saol?", "céard iad mo spriocanna, mo dhán?", "céard a ba cheart dom a dhéanamh le mo shaol?" Nár cheart dúinn tús a chur leis seo trí mhachnamh a dhéanamh ar Dhia, ár gCruthaitheoir? Chruthaigh Dia muid, agus is dó féin a rinne sé amhlaidh, agus go dtí go dtuigimid é sin, ní bheimid in ann aon chiall a bhaint as ár saol. Is i nDia a fhaighimid ár n-ionannas, ár mbrí agus ár gcinniúint.
Ach tá go leor cinntí le déanamh againn sa saol mar gur thug Dia saoirse dúinn, agus d'fhág Sé fúinn féin é ár ndán féin a aimsiú. Ní haon ribín réidh cosán na naofachta. Bíonn deacrachtaí againn ar fad, agus bíonn orainn déileáil le fadhbanna nach bhfuil aon réiteach soiléir, sciobtha ná cinnte orthu. Is é sin le rá, is minic a chuirimid ceisteanna orainn féin cosúil le "céard is féidir liom a dhéanamh?" nó "céard a ba cheart dom a dhéanamh?" Dóibh siúd nach bhfuil aon chreideamh acu, nó nach ligeann dá gcreideamh aon tionchar a imirt ar a n-iompar, déanann siad cinntí faoin anáil an réasúin amháin -buntáistí agus míbhuntáistí na roghanna atá ós ár gcomhair a mheá, nó ar iomas, atá bunaithe go minic ar mhothúcháin nó ar chlaonadh pearsanta. Ach don duine a bhfuil creideamh beo agus gníomhach aige, tagann athrú ar an gceist ó "céard ba cheart dom a dhéanamh?" go "céard é toil Dé dom sa suíomh seo?", nó "céard é atá ag teastáil ó Chríost?"
Ní tréimhse ama, cosúil le tréimhse bliana, inár saol atá i gceist le héargna sula roghnóimid a bhfuil uainn.
Mar sin, chun go dtuigimis níos fearr an gá atá le héargna, is féidir linn tús a chur léi le roinnt fíricí simplí:
1.
Tá grá ag Dia dúinn:
Tá uaidh A shaol agus A ghrá agus A lúcháir a roinnt linn go fial, mar is lena n-aghaidh siúd a chruthaigh Sé muid as an tsíoraíocht. Mar go bhfuil A phlean chomh foirfe sin, tá sé ríthábhachtach go ndéanfadh muid éargna chun go n-aimseodh muid na cosáin a chabhróidh linn A thoil a dhéanamh. Ní féidir linn neamhshuim a chur i leith Dé: tháinig Sé chun cónaí linn agus ionainn. Ní amháin gur ghlac Sé colainn dhaonna, ach mar gheall ar an mBaisteadh, cónaíonn Sé ionainn.
2.
2. Dhorchaigh an peaca ár nádúr:
An toradh atá air sin go bhfuil deacrachtaí ag ár n-intleachtaí toil Dé a aimsiú agus a thuiscint, agus fiú má éiríonn linn í a aimsiú, tá ár dtoil féin lagaithe agus ní maith léi gníomhú de réir A thola. Níl aon ord ar ár bpaisean ná ar ár gcuid mothúchán, agus táimid cosúil le páistí millte. Ní féidir muid a shásamh, agus bímid i gcónaí ag tnúth le chuile rud.
3.
Is ann don diabhal:
Is féidir linn a thionchar a aireachtáil ionainn féin agus sa domhan trí chéile, agus an t-aon phleisiúr atá uaidh ná muid a scarúint ónár nAthair grámhar-agus sin obair nach gcuireann tuirse ariamh air.
Tá toradh loighiciúil amháin ar na trí phointe seo-teastaíonn cúnamh uainn agus muid i mbun iarrachta an plean atá ag Dia dúinn a nochtadh agus a thuiscint. Ní mór dúinn idirdhealú a dhéanamh idir na leideanna sin inár n-anam a chabhraíonn linn A thoil a fheiceáil níos soiléire, agus í a leanúint, agus iad siúd a fheidhmíonn chun muid a dheighilt uaidh.
Cén chaoi a ndéanaim éargna maidir le mo ghairm sa saol?
Tá trí mheon bhunúsacha riachtanach chun go mbeimis in ann ár ngairm sa saol a nochtadh agus a thuiscint:
1
. An mhian déanamh de réir thoil Dé:
Ní féidir linn éargna a dhéanamh mura bhfuilmid réidh a bhfuil ó Dhia a dhéanamh. Ní mór dúinn a bheith réidh muinín iomlán a bheith againn as
2.
Oscailteacht do Dhia:
Tá sé in ann tarlú níos minicí ná mar is maith linn a admháil gurb é atá i gceist lenár n-éargna ná iarracht a chur ina luí ar Dhia aontú lenár meon féin. Tá uainn obair Dé a dhéanamh, ach táimid ag iarraidh é a dhéanamh ár mbealach féin, agus ciallaíonn sé sin nach dtaitníonn linn go mbeadh Dia i gceannas. Tá níos mó i gceist le fíor-oscailteacht ná díreach glacadh leis go hintleachtúil go bhféadfadh Dia a bheith ag glaoch orainn. Ciallaíonn sé go bunúsach, ainneoin ár n-eagla agus ár n-imní, go dtíolacaimid muid féin ón gcroí. "Déanfaidh mé a n-iarrann tú orm a dhéanamh."
3.
Eolas eispéireasach ar Dhia:
Caithfimid aithne a chur ar Dhia mar dhuine agus ní díreach mar theoiric trí phaidreoireacht agus trí chabhair ó dhaoine eile. Tá sé den riachtanas go mbeadh caidreamh pearsanta le Dia againn, caidreamh inar cara eisean ar féidir linn gach rud a roinnt leis. Éiríonn sé seo níos éasca a thúisce is a thuigimid gur ghlac Dia colainn dhaonna le teann grá dúinne agus gur féidir linn dáimh a bheith againn leis toisc go mba dhuine daonna É, agus go raibh air déileáil leis an bhfaitíos, leis an imní agus leis an lúcháir a bhíonn orainn uile.
Tá gné chomónta ag na meonta seo. Tarraingíonn siad aird ar a thábhachtaí is atá sé go mbeadh eispéireas againn den Ghrá atá ag Dia dúinn, rud a chuireann ar ár gcumas grá a thabhairt ar ais dó. Guímid ansin go mbeidh an grásta againn a bheith ag fás sa ghrá seo go dtí go ngráfaimis ár ndóthain chun ár saol a thabhairt go hiomlán dó sa phósadh, sa bheatha rialta, sna sagairt nó i seirbhís ar bith a bhfuil glaoch faighte againn di. Mar sin, is é an príomhrud atá le déanamh againn ná coinneáil orainn ag déanamh forbairt ar an gcaidreamh atá againn le hÍosa, ag tabhairt ama dó chuile lá trí dhul chuig an Aifreann, trína Scrioptúir a léamh, trí am a chaitheamh i mbun Adhradh na Naomhshacraiminte agus trínár n-intinn agus ár gcroí a chothú lena fhocail ghrá agus mholta.
Ní ann do ghairmeacha éiginnte. Tugann Íosa cuireadh dúinn i gcónaí don rud atá sainiúil, mar shampla comhthionól rialta áirithe, nó páirtí don phósadh. Nuair a aimseoimid an áit ar thug Sé treoir dúinn ann, is minic a bhíonn dhá mhothúchán againn ag an am céanna: braisint síochána, lúcháire agus 'cirte', ach ag an am céanna, d'fhéadfadh braistint imní a bheith ann, agus is minic a bhíonn aitheantas ann nach aon ribín réidh a bheidh ann, agus go mbeidh go leor féin-íobartha i gceist. Tá sé tábhachtach labhairt le daoine éagsúla faoina dturais féin agus faoin gcaoi ar threoraigh Dia iad agus a dtreoraíonn Sé i gcónaí iad ina ngairmeacha. Má thagann an smaoineamh chugat go bhféadfadh gairm chrábhaidh a bheith agat, bíodh sí don bheatha rialta nó don tsagartacht, moltar duit cuairt a thabhairt ar chlochair nó ar mhainistreacha. Is annamh a nochtfar toil Dé duit i bhfoirm deus ex machina, má tharlaíonn sé riamh. Ní féidir linn ach an chéad chéim eile a thógáil ar an mbóthar atá oscailte ag Dia dúinn, más ea. Is iad na tréithe is mó atá de dhíth orainn ná iontaoibh agus muinín as an nGrá atá ag Dia dúinn.
Ní éireoidh le haon iarracht éargna a dhéanamh maidir le toil Dé mura mbeidh an urnaí ina cuid de. Is éard a nochtfar le héargna gan urnaí ná ár dtoil féin, ní toil Dé. Mura n-iarrfaí comhairle Dé, ní fhéadfadh aon toradh eile a bheith air. Ní bhíonn sé éasca an bealach atá Dia dár dtreorú a mheas, agus sin an fáth gur mór an buntáiste é stiúrthóir spioradálta a bheith againn agus muid i mbun aistir chun muid a threorú ar na bealaí is fearr chun muid féin a oscailt do Ghrá Dé. Ní do na daoine naofa amháin an urnaí; is é an bealach é a n-éireoidh linn a bheith naofa, agus ní mór dúinn mar sin Séipéal nó áit éigin chiúin a aimsiú dúinn féin, agus labhairt le Dia ann go macánta, díreach cosúil le cara. Tá sé tábhachtach go mbeadh amanta cinnte socraithe againn don urnaí, agus go gcloífimis leo, fíu má bhíonn lagmhisneach orainn-seo í an ghné amháin is tábhachtaí a bhíonn i gceist agus muid ag iarraidh toil Dé a aimsiú.
Treoir Spioradálta
Agus muid ag urnaí agus ag iarraidh a bheith ag éisteacht leis an méid atá le rá ag Dia linn, is minic a bhíonn sé deacair glór Dé a thuiscint. Seo an fáth a bhfuil duine a bhfuil taithí aige nó aici sa saol spioradálta ag teastáil uainn, duine a chabhróidh linn éargna a dhéanamh maidir le hurlabhra Dé agus bogadh sa treo atá molta aige dúinn. Nuair a ghabhaimid le stiúrthóireacht spioradálta, cuireann sé ar ár chumas comhairle agus spreagadh a fháil i ngnéithe spioradálta, daonna agus aspalda an tsaoil. Cineál cumarsáide daonna atá i stiúrthóireacht spioradálta, ach comhrá atá freisin ann idir triúr-an duine féin, an stiúrthóir, agus an Spiorad Naomh. Bíonn an duine féin agus an stiúrthóir ag éisteacht agus ag iarraidh glór an Spioraid Naoimh a aireachtáil. Mar sin, comhrá atá ann sa chéad áit idir beirt atá ag iarraidh toil Dé a aimsiú i gcúinsí réalaíocha an tsaoil.
Teastaíonn stiúrthóireacht spioradálta uainn ar fad. Nuair atáimid i mbun machnaimh faoinár bpost a fhágáil agus post nua a fháil, labhróimid le daoine chun a dtuairim a fháil, déanfaimid taighde faoin deis fostaíochta nua, agus ní ghníomhóimid go dtí go mbeimid iomlán sásta go bhfuil an cinneadh ceart á dhéanamh againn. Ach, aisteach go leor, ceaptar uaireanta go bhfuil nithe a bhaineann leis an saol spioradálta (mar atá gairm chrábhaidh) príobháideach agus pearsanta, agus nár chóir iad a phlé, ainneoin gur rud é atá i bhfad níos tábhachtaí ná post nua.
D'fhéadfadh duine a bheith ag fanacht tamall go dtí go n-aimseoidh siad an stiúrthóir ceart, ach tá sé tábhachtach duine a chuartú atá oilte mar stiúrthóir spioradálta, a bhfuil taithí acu, agus a bhfuil a saol dírithe go bunúsach ar Chríost. Chun go mbeidh sé nó sí in ann cabhrú linn éargna a dhéanamh maidir le toil Dé, beidh orainn ár mianta is doimhne a nochtadh don stiúrthóir, chomh maith lenár láidreachtaí agus ár laigeachtaí, agus tá sé ríthábhachtach a bheith oscailte nuair atá na nithe seo á gcíoradh.
(Más in Éirinn nó i Sasana atá tú i do chónaí, b'fhéidir go mbeimis in ann tú a threorú chuig stiúrthóir spioradálta i do cheantar féin. Mura mbeidh, ba cheart go mbeadh do shagart paróiste in ann ainm duine éigin a thabhairt duit.)
Príomhphointí:
-
Is ionann mo ghairm agus an chuid is lárnaí agus is doimhne díom. Is í an bhrí uathúil í atá ag mo shaol, brí atá tugtha ag Dia dom; is í an chaoi í a ngéillim i ngrá do Dhia agus an chaoi a dtugaim mé féin do dhaoine eile.
-
Is í an chiall atá le gairm ná go ndearna duine éigin eile an glaoch. Ní mise a thionscain mo ghairm, is é Dia a chuir tús leis trí ghlaoch orm. Is fúmsa ansin é cinneadh saor a dhéanamh an bóthar atá leagtha amach aige dom a leanúint, nó gan é a leanúint.
-
Baineann gairm le bheith ag teacht le mianta is doimhne mo chroí, agus ní bhaineann díreach leis an tslí mhaireachtála is fearr a fheileann do mo phearsantacht. Is áit é a dtagann dhá rogha le chéile. Rogha Dé domsa, agus an rogha atá déanta agamsa do Dhia.
-
Baineann éargna le turas fionnachtana, ní le freagraí prasa.
-
Ní mór dom a bheith oscailte dó sin nach bhfuiltear ag súil leis, a bheith toilteanach freagairt le lán mo chroí, ag tabhairt droim láimhe don chompord a bhaineann leis an saol a bhfuil eolas agam air go dtí seo agus bogadh ar aghaidh le lánchreideamh, fiú mura bhfuil an bóthar atá romham soiléir.
-
Tagann gach rud le chéile nuair a éirim as a bheith ag cuartú an rud atá uaim féin agus nuair nach gcuardaím ach Dia, agus nuair a thugaim mé féin dó go hiomlán
-
Tá an saol lán le roghanna agus ní mór dúinn cinntí a dhéanamh (a bheidh bunaithe ar an treoir atá Dia ag tabhairt dúinn) agus déanamh dá réir, agus ní díreach cuspóirí a bheith againn agus a bheith i gcónaí ag fanacht ar dheimhniú.
-
Is í an ghné is tábhachtaí d'éargna a dhéanamh maidir le toil Dé ná am a chaitheamh ag urnaí.
-
Táimid in ann ár n-eagla agus ár mianta a roinnt le hÍosa trí labhairt leis agus éisteacht leis. Cuidíonn sé seo linn cairdeas a fhorbairt leis bunaithe ar an muinín atá againn sa ghrá atá aige dúinne.
Príomhcheisteanna:
-
Céard í mian is doimhne mo chroí?
- Ní mór dom fiafraí de Dhia arís agus arís eile é seo a léiriú dom agus fanacht go muiníneach air labhairt ina am féin.
- An bhfuil mianta ionam atá ceilte agam?
-
Céard atá tábhachtach dom i ndáiríre agus a thugann brí do mo shaol?
- An bhfuil am caite agam ag machnamh ar an ngrá paiseanta atá ag Íosa dom? (Rómhánaigh 8:35-39)
- Cad a thugann lúcháir agus braistint síochána dom gan choinne?
- An mothaím go bhfuil rud ar bith do mo choinneáil siar ó ghabháil sa treo atá leagtha amach ag Dia dom?
- Cad a spreagann mé leanúint ar aghaidh nuair a bhíonn deacrachtaí romham?
- Cén chaoi ar nocht Dia é féin dom san am a caitheadh? Léachtaí áirithe ó na Scrioptúir, daoine nó ócáidí áirithe?
- Cén uair is mó a bhím ag lorg Dé nó cén uair a mhothaím go bhfuil Sé i láthair? Nuair atá mearbhall orm? In amanna ciúine? In amanna tubaisteachta?
-
An bhfuil mé réidh don iontas?
- D'fhéadfadh gairm gan choinne a bheith mar thoradh ar eachtraí gan choinne agus ní mór dom a bheith saor agus gan a bheith ceangailte le mo chuid pleananna féin, is cuma cé chomh fiúntach is atá siad. Ní mór dom na comharthaí a aimsiú, ní díreach na comharthaí atá mé ag iarraidh a chruthú.
-
An bhfuil mé réidh freagra a thabhairt?
- Má fhiafraím de Dhia A thoil do mo shaol a thaispeáint dom, déanfaidh sé amhlaidh. Ní mór domsa a bheith réidh dul i mbun paidreoireachta do na grástaí atá de dhíth orm chun freagra a thabhairt air.
-
An bhfuil mé ag baint taitnimh as an turas?
- Tá sé tábhachtach braistint síochána agus suimhnis a choinneáil faoin todhchaí, fiú má airímid uaireanta go bhfuil rudaí ag dul ó smacht. Cuimhnigh gurb é Dia ár nAthair grámhar agus nach dtreoróidh sé aon áit go deo muid nach mbeimid sona, sásta agus faoi shíocháin inti.
|
|
|