San Clár-Bean de chuid ár linne
D'fhéadfadh an chosúlacht a bheith ar Chlár Offreduccio, nó San Clár Assisi mar atá aithne againn uirthi, gur duine cianda ón meánaois í. Céard a d'fhéadfadh a bheith le rá ag a leithéid de bean linne a mhaireann san aois ardteicneolaíochta seo, bean a chaith an chuid is mó dá saol i mainistir in Assisi san 13ú Aois? An bhféadfadh a saol a bheith ábhartha ar bhealach ar bith dúinne ag tús na tríú mílaoise?
Ba í an chéad bhean í i measc lucht leanúna San Proinsias Assisi, agus is mó cáil atá ag Proinsias ná aici féin le fada. Mar sin féin, is maith a bhí Clár in ann í féin a chur in iúl agus bhí sí chomh heolach céanna ar an saol le duine ar bith eile. Mar dhuine a raibh uirthi troid ar son na nithe a chreid sí iontu, tá go leor le rá aici linne.
Mhair sí le linn tréimhse nach raibh mórán smachta ag mná ar a gcinniúint, ach is léir gur bean dhiongbháilte a bhí inti agus, de réir mar a tháinig a dán féin chun solais, ní choinneodh rud ar bith í ón sprioc sin. Tháinig sí faoi thionchar San Proinsias tar éis di éisteacht go minic leis ag seanmóireacht agus bhuail sí leis an iliomad uair. Bhí orthu feidhmiú go rúnda, mar gur de shliocht na n-uaisle í, agus is cinnte nach mbeadh a muintir sásta cloisteáil go raibh baint aici leis an ngealt sin.
Ach ba é mian a croí a bheith ina chomhluadar mar "go raibh an chuma ar a bhriathra go raibh siad trí thine le Dia" agus d'éirigh sé níos soiléire di go raibh an Tiarna ag glaoch uirthi tabhairt faoi bealach nua maireachtála in éineacht leis. Oíche Dhomhnach na Pailme, 1212, chaith sí uaithi an tsábháilteacht agus an tslándáil, agus d'fhág sí an baile i ngan fhios d'aon duine chun dul in éineacht le Proinsias agus a lucht leanúna.
Tá sé deacair orainne inniu a shamhlú cé chomh scannallach is a bhí sé seo-cailín óg álainn 18 bliain d'aois ag imeacht léi as a stuaim féin leis an ngrúpa bráithre gioblacha sin. Mar sin féin, bhí a cinneadh déanta aici, bhí sí go hiomlán i ngrá leis an Tiarna, agus ní ligfeadh sí do rud ar bith teacht eatarthu. Nuair a chuir sí comhairle ar dhaoine ina dhiaidh sin gur chóir dúinn "É a ghrá go iomlán, mar gur thug seisean É féin go hiomlán dár ngrá", is léir go raibh a cuid cainte bunaithe ar thaithí.
Rith an saol crua orthu sna blianta tosaigh sin. Ag an tús, ní raibh aon mhainistir ar leith aici chun fanacht ann, ach ar deireadh bhog sí isteach i Séipéal San Damiano, ceann de na seanséipéil a raibh caoi curtha ag Proinsias orthu. Go gairid tar éis di an baile a fhágáil, tháinig Agnes, a deirfiúr níos óige, in éineacht léi. De réir a chéile, chuaigh go leor ban eile in éineacht léi (a máthair féin fiú), agus is mar sin a thosaigh na Cláiríní Bochta.
Mar cheannaire ar an ngrúpa ban seo, bhí uirthi troid chun tacaíochtaí a fháil ón Eaglais a chuirfeadh ar a gcumas a saol a chaitheamh ar bhealach fíorbhocht. Ag an am sin, ní hé an cleachtas a bhí ann go bhféadfadh mainistreacha do mhná maireachtáil gan go leor talún agus ioncaim acu chun tacú leo.
Ach bhí Clár ag iarraidh gabháil leis an gCríost Bocht Céasta ar bhealach radacach, agus chuir sí achainí faoi bhráid an phápa chun 'pribhléid na bochtaineachta' (mar a thug sí air) a bhaint amach dá hord. Cé go raibh ardmheas ag trí phápa uirthi, bhí an-drogall orthu é sin a bhronnadh uirthi. Ach bhí an tuairim a bhí aici faoin mbochtaineacht ina rún daingean aici, agus bhí sé lárnach don fhís a bhí aici don saol. An té a mhaireann faoi bhochtaineacht, is ag brath ar Dhia go hiomlán atá sí, agus teistiméireacht atá ann dá muinín i nDia.
Ba í Clár an chéad bhean i stair na heaglaise a scríobh riail bheatha do mhná rialta agus a bhí in ann faomhadh a fháil di. Bhí sé seo an-tábhachtach di, mar gur cuireadh iallach orthu rialacha éagsúla a leanúint nár thug aitheantas don bhfís Phrionsiasach a bhí uaithi. Mar sin, thosaigh sí ag scríobh a 'Foirm Bheatha' féin agus thug an Pápa Innocent IV faomhadh di agus Clár ar leaba a báis, díreach an lá sular cailleadh í! Ainmníodh í mar naomh dhá bhliain ina dhiaidh sin (1255). Ba í Clár an chéad bhean i stair na heaglaise a scríobh riail bheatha do mhná rialta agus a bhí in ann faomhadh a fháil di. Bhí sé seo an-tábhachtach di, mar gur cuireadh iallach orthu rialacha éagsúla a leanúint nár thug aitheantas don bhfís Phrionsiasach a bhí uaithi. Mar sin, thosaigh sí ag scríobh a 'Foirm Bheatha' féin agus thug an Pápa Innocent IV faomhadh di agus Clár ar leaba a báis, díreach an lá sular cailleadh í! Ainmníodh í mar naomh dhá bhliain ina dhiaidh sin (1255).
Agus sin Clár Assisi-bean mhisniúil dhiongbháilte a raibh grá iomlán aici don Tiarna. Ach bhí nádúr fíorshéimh agus tuisceanach aici, mar is léir ó fhianaise a cuid siúracha agus óna riail, a bhfuil na tréithe seo ag baint leis. Síos tríd na blianta, tá mná ag fáil ardú meanman i gcónaí ón tslí maireachtála bhocht agus dian sin, agus is tarraingteach an bóthar é dóibh siúd a bhfuil an mhóraigeantacht agus an grá acu é a leanúint.
"Clár, Rian Coise Mháthair Dé, ceannaire nua do Mhná"
(Scéal San Clár, réamhrá)