English version Po polsku




Is tú An Té is airde, a Dhia,
is tú atá glórmhar!
Soilsigh doiléire mo chroíse
agus deonaigh dom creideamh ceart,
dóchas cinnte, is carthanacht fhorlán,
chun go ndéanfainn do naomhaithne fhírinneacha.
Áiméan.

An Ghuí os comhair na Croise Céasta

San Proinsias


Ag Tosú

Deir Íosa linn maidir le hurnaí: "Ach tusa, nuair a bhíonn tú chun guí, téigh isteach i do sheomra, dún an doras ort féin, agus guigh chun d'Athar atá ansiúd faoi choim. Feiceann d'Athair an beart faoi choim, agus cúiteoidh Sé leat" (Matha 6:6). "Ní rud é an urnaí a dhéantar nuair a bhíonn am le caitheamh againn. Is amhlaidh a thógaimid an t-am chun sinn a thabhairt don Tiarna". (Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí, 2710) Tá sé tábhachtach gur 'am fiúntach' a bheidh againn don Tiarna agus muid ag guí. Is caidreamh í an urnaí agus dá bhrí sin ní mór dúinn oibriú air. Daoine daonna muide agus is furasta ar n-intinn a chur ar seachrán, agus ba cheart dúinn mar sin úsáid a bhaint as na tacaíochtaí atá ar fáil d'urnaí. Is cúnamh é má chruthaímid an timpeallacht chuí-seomra ciúin, coinnle etc. Ní gá dúinn dul chuig áit ar leith le dul ag urnaí ach tá sé in ann a bheith cabhrach. Uaireanta is féidir leat cuairt a thabhairt ar shéipéal-tá buntáiste ar leith ag baint leis seo má tá an Naomhshacraimint ann mar go mbeifeá i láthair an Tiarna go fisiciúil ansin. Ba cheart tosú le páidir bheag chuig an Spiorad Naomh, chun go mbeifeá oscailte dá inspioráidí . Tá sé ráite sna Scrioptúir go dtagann "an Spiorad i gcabhair orainn inár laige. Mar ní eol dúinn conas an ghuí féin a dhéanamh mar is cóir ach déanann an Spiorad idirghuí ar ár son le hosnaí nach féidir a chur i bhfocail" (Rómhánaigh 8:26) D'fhéadfá impí a dhéanamh air i d'fhocail féin, nó úsáid a bhaint as paidir atá in úsáid go coitianta cosúil leis an gceann seo leis an gCairdinéal Mercier:

A Spiorad Naomh, grá m'anam thú
Adhraim thú.
Tabhair dom soilsiú agus treoir,
neart agus sólás.
Inis dom céard ba cheart dom a dhéanamh
agus tabhair ordú dom é a dhéanamh.
Geallaim go ngéillfidh mé do na nithe a iarrfaidh tú orm
agus go nglacfaidh mé do gach ní a ligeann tú tarlú dom.
Díreach nocht do thoil dom
Agus tabhair grásta dom é a chur i gcrích.
Áiméan.

© clairi ni bochta Gaillimh | Eolas Cóipchirt