English version Po polsku




Óir, tá briathar Dé beoúil bríomhar; is géire é ná aon chlaíomh dhá bhéal; téann sé isteach idir anam agus spiorad, idir smior agus smúsach agus tugann sé breith ar chlaonta agus ar smaointe an chroí. Níl créatúr ar bith ann nach follas dó é; mar tá gach ní lom agus nocht do shúile an té sin a gcaithfimid cuntas a thabhairt dó inár ngníomhartha

Eabhraigh 4:12


Sleachta as na Scrioptúir d'Ócáidí Éagsúla


Sleachta Coitianta as na Scrioptúir

Scéal na Nollag Matha Caibidil 1-2; Lúcás 1-2
Páis & Aiséirí ÍosaMatha Caibidil 26-28, Marcas Caibidil 14- 16, Lúcás Caibidil 22-24, Eoin Caibidil 18-21
Paidir an TiarnaMatha 6:9-13, Lúcás 11: 2-4
An Magnificat:Lúcás 1:46-55
An Riail ÓrgaMatha 7:12, Lúcás 6:311
Na Biáide Matha 5:1-12
An Phríomhaithne Lúcás 10:27, Matha 22:34-40
The Great Commandment: Luke 10:27, Mathew 22:34-40
"Tagaigí chugam, sibhse a bhfuil saothar agus tromualach oraibh": Matha 11:28-30
An Mac Drabhlásach Lúcás 15:11-32
An Samárach Maith Lúcás 10:30-37
An Chaora a bhí Caillte Lúcás 15:3-7, Matha 18:12-14
An Bhean ag an Tobar Eoin 4:1-42
An Comhráite Deiridh Eoin Caibidil 13-17
An Síoladóir Matha 13:1-23, Marcas 4:1-20, Lúcás 8:5-15
An Bhean Adhaltranach Eoin 8:3-11
Cosa Íosa á n-ungadh Lúcás 7:37-50
An Fairisíneach agus an Poibleacánach Lúcás 18: 9 - 14
Misean na nAspal Matha 28:19-20, Marcas 16:15-16
An Claochlú Matha 17: 1-8, Marcas 9:2-8, Lúcás 9:28-36
Parabal na dTallann Matha 25:14-30, Lúcás 19:12-27
An Fear Óg Saibhir Matha 19:16-22, Marcas 10:17-22, Lúcás 18:18-23
Giolla an Taoisigh Céad a Leigheas Matha 8:5-13
Ar an nGrá 1 Corantaigh Caibidil 13


 

Sailm a d'fheilfeadh do ghiúmair éagsúla

Sailm le léamh: :

  Uimhir an tSailm Céad Líne an tSailm
Nuair a airím nach bhfuil grá ag aon duine dom22 (23)Is é an Tiarna m'aoire
Nuair a airím go bhfuilim anaithid agus nach bhfuil meas ag aon duine orm138 (139) Scrúdaíonn tú mé a Thiarna, agus is eol duit mé
Nuair a bhíonn faitíos orm26 (27)Is é an Tiarna mo sholas is mo shlánú
Nuair a bhíonn éagóir déanta agam50 (51)Déan trócaire orm, a Dhia, de réir do bhuanghrá
Nuair a bhíonn fonn orm caoineadh ón duibheagán129 (130) As na duibheagáin a ghlaoim ort, a Thiarna
Nuair a bhíonn comhairle uaim24 (25) Is chugat a thógaim m'anam, a Thiarna
Nuair a bhíonn éadóchas orm41 (42) Faoi mar a shantaíonn an eilit na sruthanna uisce
Nuair atáim éiginnte45 (46) Is dídean dúinn Dia, agus is é ár neart é
Nuair a bhíonn cosaint uaim61 (62) I nDia amháin atá m'anam ar a shuaimhneas
Nuair a bhíonn cosaint uaim90 (91) An té a chónaíonn i ndaingean an Té is Airde
Nuair a atáim ag aireachtáil imníoch102 (103) Beannaigh an Tiarna, a anam liom
Nuair a bhíonn cúnamh uaim3 A Thiarna, nach líonmhar iad mo naimhde!
Nuair a airím buíoch99 (100) Gairdigí don Tiarna, a thíortha uile
Nuair a bhíonn fonn orm aithne níos doimhne a chur ar Dhia62 (63) A Dhia, mo Dhia thú, is tú a iarraim
Nuair a bhíonn maithiúnas uaim31 (32) Is méanar an té dár maitheadh a choir
Nuair atáim ag saothrú an bháis87 (88) A Thiarna Dia, bím ag éamh ort de lá;
Nuair a airím gan mhaith8 A Thiarna, ár dTiarna, nach éachtach é d'aoinm ar fud na cruinne!
Nuair a airím neamhdhiongbháilte60 (61) Meáin le mo ghlao, a Dhia!
Nuair a bhíonn fonn orm paidir buíochais a rá115 (116) Bhí muinín agam fiú nuair a dúirt mé
Nuair a airím cosúil le gasúr130 (131) Níl mo chroí i mborr le mórtas, a Thiarna
Nuair a bhíonn easpa muiníne agam117 (118) Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é
Nuair a bhíonn uaim éalú ó chuile shórt54 (55) Tabhair cluas do m'urnaí, a Dhia


Sleachta don ghnáthshaol as an mBíobla

  • Ná bíodh eagla ort, óir tá tú fuascailte agam; ghlaoigh mé ort i d'ainm, agus is liomsa thú. (Íseáia 43:1)

  • Mar is luachmhar thú i mo shúile, is mór liom thú agus is mór é mo chion ort. (Íseáia 43:4)

  • Déanfaidh mé féin thú a mhealladh agus a threorú isteach san fhásach, chun labhairt leat go muirneach. (Hóise 2:14)

  • Bigí naofa domsa, óir is naofa mise, an Tiarna, agus chuir mé i leataobh sibh ó na ciníocha le go mba liomsa sibh. (Léivític 20:26)

  • Glóir don té úd ar féidir dó i bhfad níos mó a dhéanamh ná mar a d'iarrfaimisne nó smaoineamh féin air, trí an gcumhacht atá ag obair ionainn. (Eifisigh 3:20)

  • Mar a dhéanfadh aoire ag aoireacht a thréada dó, ag bailiú na n-uan chuige ina bhaclainn, á n-iompar ar chlár a uchta agus ag fosaíocht na gcaorach tórmaigh. (Íseáia 40:11)

  • Beidh an Tiarna bhur nDia ag gabháil romhaibh amach. (Deotranaimí 1:30)

  • Ní mise a mhaireann beo feasta ach Críost a mhaireann ionam. (Galataigh 2:20)

  • An té a chuir uaidh mé, tá sé in éineacht liom. Níor fhág sé i m'aonar mé, óir déanaim i gcónaí na nithe is taitneamhach leis. (Eoin 8:29)

  • Bíodh aithne againn ar an Tiarna; déanaimis ár ndícheall le haithne a chur air! (Hóisé 6:3)

  • Bígí láidir! bíodh misneach in bhur gcroí agaibh, a dhaoine uile a bhfuil bhur ndóchas sa Tiarna. (Salm 30:25)

  • Mo Dhia thú, mo charraig is dídean dom, mo sciath, adharc mo shlánaithe, mo dhún. (Salm 17:3)

  • Ghráigh mé thú le grá síoraí, ar an ábhar sin is dochaite mo ghean ort. (Irimia 31:3)

  • Isteach leis an bpobal fíréanta, an té a sheasann lena ghealltanas, atá bunúsach ó chroí, a choinníonn an tsíocháin, óir is asatsa ata a mhuinín. (Íseáia 26:2-3)

  • Ceapfaidh mé thú i do sholas do na ciníocha, chun go dtí mo shlánú go críocha na cruinne. (Íseáia 49:6)

  • Nuair a iarrfaidh sibh mé gheobhaidh sibh mé, nuair a iarrfaidh sibh mé le bhur gcroí go hiomlán. Beidh mise ar fáil agaibh-an Tiarna a labhraionn. (Irimia 29:13)

  • Bíodh misneach agat! Éirigh! Tá sé ag glaoch ort! (Matha 10:49)

  • Fágaim síocháin agaibh; tugaim mo shíocháin daoibh. Ní thugaim daoibh í mar a thugann an saol í. (Eoin 14:27)

  • Ma ghabhaim umam sciatháin na maidine, agus cónaí i gcríocha imchiana na farraige, ansin féin beidh do lámh do mo sheoladh; agus béarfaidh tú orm le do dheasláimh. (Salm 139:9)

  • Is i nDia amháin atá m'anam ar a shuaimhneas. (Salm 62:2)

  • Tá scáil de ghlóir an Tiarna le feiceáil inár ngnúis mar a bheadh i scáthán agus sinn ag dul i gcosúlacht leis-sean ó niamhracht go naimhracht faoi luí Spiorad an Tiarna. (2 Corantaigh 3:18)

  • Óir ní airde neamh os cionn talaimh ná a bhunghrá don dream lenarb eagal é. (Salm 103:11)

  • Comhoibríonn Dia san uile ní leo siúd a bhfuil grá acu dó agus a bhfuil glaoite aige orthu de réir a chomhairle. (Rómhánaigh 8:28)

  • Is tú mo Mhac muirneach; is duit a thug mé gnaoi. (Lúcas 3:22)

  • Taobhaigh do shlí leis an Tiarna; cuir do dhóchas ann agus déanfaidh sé beart. (Salm 36:5)

  • Tabharfaidh mé croí nua daoibh fosta agus cuirfidh spiorad nua ionaibh. (Eizicéil 36:26)

  • D'iompair an Tiarna Dia thú, faoi mar a dhéanfadh athair a mhac, an bealach go leir a ghabh sibh. (Deotranaimí 1:31)

  • Is leor duit mo ghrásta, mar is tríd an laige a thagann an neart chun foirfeachta. (2 Corantaigh 12:9)

  • Chruthaigh Dia an duine ar a dheilbh féin, ar dheilbh Dé is ea a chruthaigh sé é…Chonaic Dia gach a ndearna sé agus, féach! bhí sé go sármhaith. (Geineasas 1:27; 31)

  • Is dá dhéantús sinn mar gur cruthaíodh i gCríost Íosa sinn chun ár saol a thabhairt i mbun na ndea-oibreacha a bhí ullamh roimh ré dúinn ag Dia. (Eifisigh 2:10)

  • Scrúdaíonn tú mé, a Thiarna, agus is eol duit mé. Más luí dom, más suí dom, is eol duit é; is eol duit mo rún is mé i bhfad uait. (Salm 139 1:2)

  • Is tú a d'fhuaigh i mbroinn mo mháthar mé. (Salm 139:13)

  • Breathnaigí cad é mar ghrá a thug an tAthair dúinn! go nglaofaí clann Dé roinn, agus is amhlaidh sinn. (1 Eoin 3:1)

  • Mar, aon duine atá i gCríost, is duine é atá cruthaithe as an nua; tá an sean i léig, féach, agus tá an nua tagtha. (2 Corantaigh 5:17)

  • Ná bíodh eagla ort, mar tá mise leat. (Íseáia 43:5)

  • Rinne tú an duine beagán níos lú ná dia é gur chuir tú barr glóire agus gradaim air. (Salm 8:6)

  • Nach bhfuil a fhios agaibh gur teampall bhur gcorp ag an Spiorad Naomh atá istigh ionaibh mar bhronn Dia oraibh é? (1 Corantaigh 6:19)

  • Agus an ghlóir thug tú dom, thug mise dóibhsean é, ionas go ba aon iad faoi mar is aon sinne. (Eoin 17:22)

  • Is é Dia mo shlánaitheoir, tá muinín agam agus nílim eaglach níos mó. (Íseáia 12:2)

  • Nach dtuigeann sibh, a bhráithre, gur teampall Dé sibh agus go bhfuil Spiorad Dé ina chónaí ionaibh. (1 Corantaigh 3:16)

  • Is eol dom anois go bhfuil Dia liom. (Salm 55:10)

  • Is ann chomh maith atá sibhse do bhur gcomhthógáil agus áit chónaithe Dé á dhéanamh díbh faoi luí an Spioraid. (Eifisigh 2:22)

  • As Dia atá mo mhuinín gan eagla; cad a fhéadfaidh fuil is feoil a dhéanamh dom? (Salm 55:12)

  • Is duitse a thabharfaidh mé moladh óir is tú mo Dhia is mo dhaingean. (Salm 58:10)

  • Nuair is eagal liom is ort atá mo sheasamh, ar Dhia dá dtugaim moladh as ucht a bhriathair. (Salm 55:4-5)

  • Caith do chúram ar an Tiana agus déanfaidh sé taca duit. (Salm 54:23)

  • Óir san áit a mbíonn do stór, is ann a bheidh do chroí freisin. (Matha 6:21)

  • Más áil le haon duine bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin, tófgadh suas a chors agus leanadh mé. (Matha 16:24)

  • Óir cá fearrde duine go ngnóthódh sé an domhan go léir dá ligfeadh sé a anam féin ar ceal? (Matha 16:26)

  • ' A Thiarna, cé mhéad uair ba cheart dom pardún a thabhairt do mo bhráthair nuair a chiontaíonn i m'aghaidh? Go dtí seacht n-uaire?'Dúirt Íosa leis: 'Ní go dtí seacht n-uaire a deirimse leat ach go dtí seacht n-uaire seachtód. (Matha 18:21-22)

  • Dúirt Íosa: 'Ligigí do na leanaí agus ná coiscigí iad ar theacht chugam, óir is lena leithéidí seo ríocht na bhflaitheas.' (Matha 19:14)

  • Ghlaoigh Íosa in ard a ghutha: 'Má tá tart ar aon duine, tagadh sé chugamsa agus óladh sé!' (Eoin 7:37)

  • Dúirt Íosa: 'Tháinig mise chun go mbeadh an bheatha acu agus go mbeadh sí acu go fial.' (Eoin 10:10)

  • Ach is mise an sáraoire, agus aithním mo chuid féin, agus aithníonn mo chuid féin mé. (Eoin 10:14)

  • An gráinne arbhair a thit sa talamh, mura bhfaigheann sé bás, fanann sé leis féin amháin. Ach má fhaigheann sé bás, tugann sé toradh mór uaidh. (Eoin 12:24) 1

  • Is mise an tSlí, an Fhírinne agus an Bheatha. Ní thagann aon duine go dtí an tAthair ach tríomsa. (Eoin 14:6)

  • Mar má adhmhaíonn tú ó do bhéal gurb é Íosa an Tiarna agus má chreideann tú ó do chroí gur thóg Dia ó mhairbh é, slánófar thú. (Rómhánaigh 10:9)

  • Go dtuga sé daoibh as ollmhaitheas a ghlóire go bhfaighidh sibh neart agus cumas inmheánach trína Spiorad. (Eifisigh 3:16)

  • Agus ní hé sin amháin é ach áirim gur caillteanas gach uile ní le hais an bhua thar barr atá faighte agam: aithne a chur ar Íosa Críost, mo Thiarna. (Filipigh 3:8)

  • Níl uaim anois ach aithne a chur ar Chríost agus ar éifeacht a aiséirí, ar bheith páirteach leis ina phiolóidí agus bheith cosúíl leis ina bhás. (Filipigh 3:10)

  • Táim in ann gach ní a dhéanamh le cabhair an té úd a thugann neart dom. (Filipigh 4:13)

  • Ós rud é go bhfuil glactha agaibh le hÍosa Críost mar Thiarna, tugaigí bhur saol i bpáirt leis. (Colosaigh 2:6)

  • © clairi ni bochta Gaillimh | Eolas Cóipchirt