Fáilte romhat, a Bhantiarna, a Naomhríon, a Mhuire, a Naomh- mháthair Dé:
is tú an eaglais ógh déanta is tofa ag an Athair sárnaofa neamhní
a choisric í, É féin mar aon lena Mhac muirneach rónaofa agus an Spiorad Naomh
An Sólásaí, agus ina raibh is ina bhfuil fós gach iomláine grásta agus an uile mhaith.
Fáilte romhat, a pháláis sin;
Fáilte romhat, a phubaill sin;
Fáilte romhat, a theach sin.
Fáilte romhat, a róba sin;
Fáilte romhat, a bhanóglaigh sin;
Fáilte romhat, a mháthair sin;
agus romhaibhse, a naomhshuáilcí uile,
a insiltear isteach i gcroíthe na bhfíréan, trí ghrásta is trí shoilsiú an Spioraid Naoimh,
chun go ndéanfadh sibh creidmheach i nDia iad in ionad bheith díchrei- dmheach.
Áivé do Mhuire Ógh
San Proinsias
|
Cén fáth a mbímid ag Urnaí ?
Urnaí beatha an anama. Is gá ár n-anamacha, atá claonta i dtreo Dé, a chothú le hurnaí, díreach cosúil lenár gcolainneacha. Tá faillí a déanamh ag an-chuid daoine inniu ar a n-anamacha agus baineann go leor den bhrú a mhothaíonn daoine sa lá atá inniu ann leis sin. Is aonad amháin ár gcolainn, ár n-intinn agus ár n-anam. Tá an-bhéim á cur ag an tsochaí ar aire a thabhairt don cholainn agus don intinn, ach mura mbeidh na trí cinn acu ag teacht go socair le chéile, beidh daoine imníoch. Deir San Aibhistín gur
"dó féin a chruthaigh Dia muid, agus nach mbeidh síocháin inár gcroíthe go dtí go mbeimid aontaithe leis."
Is cinnte go bhféadfaí go leor den imní atá ar dhaoine sa saol cruógach seo a mhaolú dá dtabharfaidís roinnt ama don urnaí agus don chuardach do Dhia. Is é Íosa Prionsa na Siochána agus ní féidir linn a bheith ag súil le síocháin ionainn féin mura dtarraingeoimid beatha ón bhfoinse. Comhrá le Dia atá san urnaí ar deireadh; labhraímid leis sin a chruthaigh muid agus a bhfuil grá aige dúinn, agus éistimid leis a bhfuil Sé ag iarraidh a rá linn. Ba mhaith linn anseo cúpla modh paidreoireachta éagsúil a mholadh atá feiliúnach, dar linn, dóibh siúd a bhfuil saoil chruógacha acu. Caidreamh atá san urnaí, agus mar sin tá sé éagsúil do gach duine. Mar sin, tá samplaí de chineálacha éagsúla paidreoireachta tugtha anseo againn, le súil go mbeidh tú in ann teacht ar an gcur chuige a fheileann is fearr duit. Cén fáth nach gcaithfeá deich nóiméad nó mar sin in aghaidh an lae ag urnaí? Má tá tú ag urnaí ar bhonn laethúil cheana féin, cén fáth nach méadófá an méid ama a chaitheann tú ag guí?
Agus ná bí den bharúil gur do shagairt agus do dhaoine rialta an phaidreoireacht. Bíonn siad sin ag urnaí, cinnte, ach is do gach duine i ngach suíomh paidreoireacht agus naofacht (ar ionann é is a bheith ag teacht go hiomlán le hoirchill Dé). Ní éireoidh linn go deo fíorshonas a bhaint amach fad is bhímid á iarraidh lasmuigh d'fhoinse an ghrá féin, Dia É féin, ar ionann É agus an grá, de réir na scrioptúr (1 Eoin 4:16).
Mar a mhol an Pápa Eoin Pól ll dúinn sa imlitir a scríobh sé ag tús na mílaoise nua, cén fáth
"nach dtosófá as an nua ó Chríost?"
. Ní bheidh aiféala ort!
Teagasc na hEaglaise maidir le hUrnaí
Acmhainn iontach é Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí. Déileálann Cuid 4 ina iomlán le hurnaí. Is fiú go mór dóibh siúd a bhfuil spéis acu cineálacha éagsúla urnaí a fhiosrú é a léamh. Seo roinnt sleachta as chun blaiseadh beag a thabhairt duit!
"Coibhneas is ea an urnaí chríostaí i bhfoirm comhair idir Dia agus an duine i gCríost. Gníomhaíocht de chuid Dé agus an duine atá inti. Eascraíonn sí ón Spiorad Naomh agus asainn féin, í dírithe ar an Athair, i gcomhaontas le toil dhaonna Mhac Dé a ghlac colainn dhaonna." ".
(Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí 2564)
"Is é an croí an áit chónaithe a bhfuilim ag baint fúm inti, a lonnaím inti."
(Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí 2563)
"Is é beatha na hurnaí ann maireachtáil de ghnáth i láthair na Diachta trí-aonta trí-naofa agus i gcomaoin léi"
(Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí 2565)
"Tá croí Ábrahám 'faoi réir ar fad ag an mBriathar', umhlaíonn sé dó. Is í éisteacht an chroí agus ag cur a thoil le toil Dé atá riachtanach don urnaí; bíonn na focail ina tuilleamaí sin"
(Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí 2570)
|
|
|