English version Po polsku




A Dhia, a riarthóir na n-uile, agus a rialtóir an chine dhaonna, féach go ceansa ar do chlann iníonacha ar mian leo an íobairt a rinne siad díobh féin a dhaingniú. Deonaigh go n-aontófar níos dlúithe in aghaidh an lae iad le rúndiamhair na hEaglaise, agus go ndéanfaidh siad iad féin a thíolacadh le breis dúthrachta do leas na comharsan.

Ó Liotúirge an Phroifisiúin Rialta



Saol na Mainistreach

Ní féidir maireachtáil i gcomaoin bheo ach amháin tríd an méid a d'iarr an Pápa Innocent IV (Pápacht 1243 -1254) ar San Clár a chur i gcrích: “maireachtáil in aontacht naofa agus i mbochtaineacht dhiaga”.

Caithimid ár saol i bhForiamh faoi mhóid na Bochtaineachta, na Geanmnaíochta agus na hUmhlaíochta.

Is ionann an scarúint seo ón domhan agus an cinneadh atá déanta againn fanacht leis an Tiarna. Baineann an foriamh is faide isteach lenár gcroíthe, tamhnach na beatha, áit a bhfuil slánú don Eaglais agus don chine daonna uile. Gabhaimid chugainn an Gheanmnaíocht Choisricthe, nó an grá brídeoige, trí Bhochtaineacht agus mairimid trí Umhlaíocht í, dírithe ar Chríost.

Ár Saol ag Urnaí agus ag Adhradh

Is é Liotúirge na dTráthanna urnaí an rinnfheitheora, agus déanann sé an lá ina iomláine a choisreacan. Cuimsíonn sé sailm, sleachta ó na scrioptúir agus idirghuíonna a ofráiltear in ainm na hEaglaise agus don Eaglais. Cuireann uair an mheán oíche tús leis an gcéad chuid den Urnaí oifigiúil sin dúinne.

Cuirtear tús lenár lá leis “an Eocairist, an cuimhneachán ar íobairt an Tiarna, croílár shaol na hEaglaise agus gach pobail”

Leantar leis an “teagmháil leis an Tiarna” sin i rith an lae le linn tréimhsí d'Adhradh na hEocairiste nuair a bhíonn gach siúr ina haonar leis an Tiarna ag tabhairt grá dó, agus eisean ag tabhairt grá di. Tá focail seo San Clár greanta i gcroí gach siúrach: "an t-anam dílis an t-aon taibearnacal agus ríchathaoir atá aige" .Tá a fhios aici freisin go gcaithfidh sí streachailt a bheith ina hanam dílis mar sin.

Is í an chiall atá le ‘Clár’ , nó Chiara , in Iodáilis, ná solas .Ba loinnir solais Clár dá siúracha agus do gach duine a raibh teagmháil aici leo. .

An bhfuil a fhios agat gurb í an bhean rialta rinnfheitheamhach seo as an Iodáil ón tríú haois déag patrún na teilifíse? Cén fáth? Mheas an Pápa Pius XII go mbeadh sé feiliúnach San Clár a fhógairt amhlaidh sa bhliain 1958 mar aitheantas ar a fís ghrinn inmheánach a lonraigh i bhfad uaithi.

An Comhthionól i mbun oibre

Is í an phríomhobair a bhíonn ar bun againn ná pacáil agus dáileadh Abhlann. Mar atá amhlaidh le teaghlach ar bith, bíonn obair tí le déanamh chuile lá agus, ar ndóigh, tá obair le déanamh sa ghairdín, mar sin tá obair do chuile dhuine ann!

Is ar Dhia amháin atá ár saol paidreoireachta, molta agus oibre dírithe.


© clairi ni bochta Gaillimh | Eolas Cóipchirt