English version Po polsku




A Dhia atá uilechumhachtach, síoraí, cóir is trócaireach, tabhair dúinne, ainniseoirí, na nithe is eol dúinn atá de réir do thola a dhéanamh ar do shonsa, agus dúil a bheith againn i gcónaí sna nithe a thaitníonn leatsa; ionas go mbeimid glanta inár gcroí, soilsithe inár gcroí, agus dár n-adhaint ag lasair an Spioraid Naoimh, chun go mbeidh ar ár gcumas loirg choise do Mhic mhuirnigh ár dTiarna Íosa Críost a leanúint, agus trí bhíthin do ghrástasa amháin, tusa an Té is airde a bhaint amach, tusa a mhaireann is a rialaíonn go glórmhar sa Tríonóid fhoirfe is san Aontacht shimplí, Dia uilechumhachtach, trí shaol na saol. Áiméan

Ón Litir chuig an Ord Uile

San Proinsias

Dar leis na Siúracha

Teistiméireachtaí Pearsanta agus roinnt ceisteanna a chuirtear orainn go minic sa pharlús:


Cén fáth a ndeachaigh tú isteach in ord foriata cosúil leis na Cláiríní Bochta?
"Chun go mbeadh saol agam a bheadh tugtha go hiomlán do Dhia. Bíonn urnaí cumhachtach nuair atá teipthe ar fhocail agus ar ghníomhartha"

"Chun a bheith in éineacht le Dia, a bheith aontaithe leis, á mholadh, ag gabháil buíochais leis agus ag déanamh idirghuí leis ar son an domhain mhóir agus chun a bheith ag iarraidh aithris a dhéanamh ar Chríost agus ar A Mháthair."

"Nuair a d'airigh mé den chéad uair go raibh gairm chrábhaidh agam, bhí a fhios agam go raibh orm rud éigin a dhéanamh faoi ... ar bhealach, bhí mé cosúil le duine nach bhfuil in ann neamhaird a dhéanamh do dhaitheacha fiacaile! Ar an taobh eile den scéal, ba É Dia a bhí 'ag déanamh rud éigin faoi' i ndáiríre. Ní dhearna mise ach iarracht a bheith oscailte Dá threoir"

Déan cur síos ar an 'nGlaoch' seo, an ghairm chrábhaidh don saol seo mar Chláirín Bocht?
"Bhí a fhios agam i mo chroí istigh nach mbeinn saor go brách nó go ndéanfainn iarracht an glaoch a fhreagairt"

"Maidir leis an saol nithiúil seo, bhí gach a bhí uaim agam, ach bhí mé ag diúltú roimh an nglaoch. Nuair a chuaigh mé isteach sa mhainistir, bhí braistint láidir síochána istigh ionam agus bhí deireadh le mo mhíshuaimhneas"

An airíonn tú uait an baile mar nach bhfeiceann tú do theaghlach ach cúpla uair sa bhliain?
"Bhí a fhios agam go maith go mbeadh sé deacair, mar go raibh mé ag fágáil go brách gach rud a raibh eolas agam air, ach bhí súil agam freisin gur saol sona a bheadh ann. Bhí sé chomh deacair agus a cheap mé a bheadh sé, ach thug sé lúcháir as cuimse dom chomh maith"

"Cinnte, airím uaim mo mhuintir uaireanta, go háirithe nuair a bhíonn ócáidí teaghlaigh ann, ach ar bhealach eile, airím níos gaire dóibh anois agus mé istigh anseo"

Cén chaoi a ndéanfá cur síos ar do shaol mar Chláirín Bocht? An bhfuil tú sásta le do shaol?
"An bhfuil mé sásta le mo shaol? Sin smaoineamh casta. Tá sé de chumas agam tarchéimniú. I bhféintarchéimniú, tá mé dírithe ar an duine eile agus ar Dhia. Anois tá luachanna á mo threorú-tá siad sin roghnaithe. Is uathu sin a fhaighim m'fhíorfhéiniúlacht"

"Is minic a deirtear linn 'tá bhur saol curtha amú.' Tá sin fíor - cuireadh an líomhain in aghaidh Íosa freisin: 'cén fáth an cur amú seo?' Ach ní bhíonn an grá leithleasach. Déanann an grá é féin a fhíreanú"

Thug na focail inspioráideacha a dúirt San Proinsias leis an Tiarna, 'Is tú mo shaibhreas uile', léargas mhaith dom maidir le céard atá i gceist lenár mbochtaineacht"

© clairi ni bochta Gaillimh | Eolas Cóipchirt