English version Po polsku




Bíodh eagla an Tiarna oraibh, agus tugaigí onóir dó.
Is fiú don Tiarna moladh is onóir a fháil.
A mhuintir lenarb eagal an Tiarna, molaigí é.
Sé do bheatha, a Mhuire, atá lán de ghrásta, tá an Tiarna leat.
Go mola an spéir agus an talamh é.
Molaigí an Tiarna, a aibhneacha uile.
Glóirígí an Tiarna, a mhic Dé.
Is é seo an lá a rinne an Tiarna; bíodh áthas is gliondar orainn.
Alleluia, Alleluia, Alleluia! Rí Iosrael
An uile dhúil bheo dá bhfuil ann, moladh sí an Tiarna. Molaigí an Tiarna toisc gur maith é;
sibhse uile a léann na nithe seo, molaigí an Tiarna.
A chréatúir uile, molaigí an Tiarna.
A éanlaith uile an aeir, molaigí an Tiarna.
A bhuachaillí uile, molaigí an Tiarna.
A ógánacha agus a chailíní, molaigí an Tiarna.
Is fiú é an tUan arna bhású, é a fháil molta, glóire agus onóra.
Moladh leis an Tríonóid naofa agus an Aontacht gan roinnt.
San Micheál Ardaingeal, cosain sinn in uair an chatha.

San Proinsias


Machnamh Urnaí

Nuair a théann tú ag urnaí, cuimhnigh i gcónaí:

  • Gurb é Dia a chuir ar an saol thú
  • Go bhfuil níos mó grá ag Dia duit nach mar a cheapfá go deo
  • Go bhfuil cuspóir ríthábhachtach ag Dia do do shaol

Glac le bronntanas an ghrá ó Dhia
Ghráigh mé thú le grá síoraí


Glac le bronntanas an ghrá ó Dhia

Insítear sa Bhíobla dúinn go bhfuil grá ag Dia dúinn agus go bhfuil grá ag Íosa dúinn. An bhfuil a fhios agat cén bhrí atá leis seo? Ar airigh tú an grá seo riamh? Tá Dia ag iarraidh thar aon ní eile go mbeadh a fhios agat cinnte go bhfuil grá aige duit.

Déan machnamh ar na sleachta as na scrioptúir atá roghnaithe againn nó roghnaigh sleachta eile a labhraíonn le do chroí faoi ghrá dílis Dé. I gciúnas agus aonaracht do chroí, lig do bhriathar Dé, d'athair grámhar, labhairt leat. Abair leat féin arís iad ag am seo na hurnaí agus i rith an lae. Tabhair seans duit féin éisteacht leis na focail seo agus bíodh a fhios agat go bhfuil siad fíor. Is féidir grá a thabhairt duit. Tá grá ag Dia duit agus tá grá aige duit ó thús aimsire. Tá grá aige duit beag beann ar an gcaoi a mothaíonn tú fút féin. Ná bíodh drogall ort na sleachta seo a chur in oiriúint duit féin agus d'ainm a chur leo mar "ghlaoigh Mé ort i d'ainm" (Íseáia 41).

D'fhuaigh mé i mbroinn do mháthar thú (Salm 139)

"Mar is luachmhar thú i mo shúile agus is mór é mo chion ort" (Íseáia 43:4)

"Mar a dhéanfadh aoire ag aoireacht a thréada dó, ag bailiú na n-uan chuige ina bhaclainn, á n-iompar ar chlár a uchta." (Íseáia 40:11)

"D'iompair an Tiarna Dia thú, faoi mar a dhéanfadh athair a mhac, an bealach go léir a ghabh sibh." (Deotranaimí 1:31)

Sleachta eile ó na Scrioptúir: Sleachta ón mBíobla don ghnáthshaol.


Cé tá á lorg againn?*

D'fhiafraigh an Tiarna de na chéad dheisceabail,
agus iad b'fhéidir in amhras agus éiginnte i gcónaí
"Cad atá uaibh?" (Eoin 1:38)

Tá ceisteanna radacacha eile le tuiscint ón gceist seo:

  • Céard é mian do chroí?
  • Céard is cás leat?
  • An ag cuartú ar mhaithe leat féin atá tú, nó ag cuartú an Tiarna Dia?
  • An iad do chuid mianta féin is tábhachtaí duit, nó mian an Té a thug croí duit agus a bhfuil uaidh é a thabhairt chun iomláine, mar go bhfuil eolas agus tuiscint aige air?
  • An bhfuil tú ag iarraidh rudaí neamhbhuana nó an bhfuil tú ag cuartú an Té atá síorbhuan?

"I saol seo na héagsúlachta, céard iad na rudaí nach mór dúinn baint a bheith againn leo, a Thiarna Dia? Ó éirí go luí na gréine, feicim daoine atá cloíte ag anró an tsaoil seo: roinnt acu ar thóir saibhris, roinnt eile ar thóir pribhléide, agus daoine eile fós agus níl uathu ach gnaoi na ndaoine" (San Bearnard)

"Bím ag lorg do ghnúise, a Thiarna" (Salm 27:8)

Is é seo an freagra a thugann duine a bhfuil tuiscint ar leith aige nó aici ar mhór-iontas rúndiamhair Dé agus ar fhlaithiúnas a thola beannaithe. Ach is é an freagra é, fiú má tá sé intuigthe agus doiléir maidir le gach duine atá ag lorg fírinne agus sonais. Is ag lorg Dé a bhí gach ní beo ariamh a bhí ar thóir na hAbsalóide agus na Beatha Shíoraí

Sa lá atá inniu ann, ceaptar gur náireach an rud é a bheith spleách ar aon duine eile, ach fágann stádas an chréatúir féin, a bheith cruthaithe, go bhfuiltear spleách ar neach eile, agus ar an mbunús sin, is i gcaidreamh atá sé, ag brath ar dhaoine eile.

Is ionann toil Dé a lorg agus toil chairdiúil agus dea-chroíoch a lorg. Toil atá ann a bhfuil uaithi muid a dhéanamh iomlán agus a bhfuil uaithi thar aon rud eile freagra saor i ngrá dá grá, le go mbeimid inár n-uirlisí don ghrá diaga.

Is ar bhealach seo an ghrá a fhorbraítear an éisteacht agus an umhlaíocht.

*Ó: Seirbhís an Údaráis agus na hUmhlaíochta, leis an gCuallacht d'Institiúidí an tSaoil Choisricthe agus Cumainn an tSaoil Aspalda

More Tuilleadh Machnamh i bhfoirm Paidreacha


© clairi ni bochta Gaillimh | Eolas Cóipchirt