Éargna i mbeagán focal
Tá aisling ag Dia dár saoil agus tá an aisling sin greanta aige ar ár gcroíthe. Is trí na mianta is doimhne inár gcroíthe a aithint a nochtfar an aisling sin dúinn. Is é sin atá i gceist le héargna. B'fhéidir gur don saol pósta é, don saol coiscrithe nó don sagartacht é. Cibé rud é, is í seo an aisling a bhí ag Dia dúinn riamh agus is anseo a gheobhaimid lánsástacht.
"Má chaitheann tú do shaol mar ba chóir duit, beidh tú mar sholas don domhan uile."
(An Pápa Eoin Pól II, Lá Idirnáisiúnta na nÓg 2000)
Bealaí chun tabhairt faoi Éargna Grásta
Grace
Is trí ghrásta amháin ar féidir linn glór Dé a chloisteáil, a thoil a santú agus é a chur i gcrích inár saoil. Is fúinne atá sé an rogha a dhéanamh é a iarraidh agus is iad na deiseanna is cumhachtaí chun a ghrásta a fháil ná:
- an tAifreann
- Adhradh
- Faoistin
- an Paidrín
- Léamh Scrioptúir
- Troscadh
- Cabhrú leo siúd atá i ngátar timpeall orainn
Tabhartas
Tá Dia fíorfhlaithiúil lena thabhartais ach ní chuirfidh Sé iallach orainn glacadh leo; caithfimid iad a iarraidh. Is trí phlean Dé dár saoil a gheobhaimid sonas agus síocháin, cé gur deacair é sin a chreidiúint uaireanta. Bíodh creideamh agus muinín agat as, agus glac lena ghrá, de réir mar a thaispeánann Sé an grá atá aige duit. Cibé rud a cheapann tú atá uait
"Iarraigí, agus tabharfar daoibh".
(Matha 7:7)
Ciúnas
Is trí chiúnas a dhéanann Dia cumarsáid linn. Is go fíorshéimh a dhéanann sé cogarnaíl leat. Mar sin, bí oscailte dó, bí socair, téigh chuig áit chiúin agus tabhair cead do do chroí éisteacht lena bhfuil le rá aige leat
Cúnamh ó dhaoine eile
Moltar go mór go mbeadh stiúrthóir spioradálta á do thionlacan ar d'aistear. Glac páirt i ngrúpa urnaí don óige mar tá cairdeas agus tacaíocht ríthábhachtach. Bí ag urnaí agus iarr ar dhaoine eile, a bhfuil muinín agat astu, urnaí ar mhaithe le d'éargna.
A Thiarna, oscail mo chroí le go gcloisfidh mé do Bhriathar,
Cuir do ghrá i mo chroí,
le go ngéillfinn le grá agus misneach do do Ghrá-sa.
Go mbeidh mé faoi threoir do Spioraid de shíor. Áiméan.