English version Po polsku




Fáilte romhat, a Bhantiarna, a Naomhríon, a Mhuire, a Naomh- mháthair Dé:
is tú an eaglais ógh déanta is tofa ag an Athair sárnaofa neamhní
a choisric í, É féin mar aon lena Mhac muirneach rónaofa agus an Spiorad Naomh
An Sólásaí, agus ina raibh is ina bhfuil fós gach iomláine grásta agus an uile mhaith.
Fáilte romhat, a pháláis sin;
Fáilte romhat, a phubaill sin;
Fáilte romhat, a theach sin.
Fáilte romhat, a róba sin;
Fáilte romhat, a bhanóglaigh sin;
Fáilte romhat, a mháthair sin;
agus romhaibhse, a naomhshuáilcí uile,
a insiltear isteach i gcroíthe na bhfíréan, trí ghrásta is trí shoilsiú an Spioraid Naoimh,
chun go ndéanfadh sibh creidmheach i nDia iad in ionad bheith díchrei- dmheach.
Áivé do Mhuire Ógh

San Proinsias


Seoladh an Leabhair Calm the Soul

Ní bhainfimid amach fíorshonas go deo má leanaimid orainn á chuardach lasmuigh d'fhoinse an ghrá, arb é Dia féin é.

Sa leabhar Calm the Soul: A Book of Simple Wisdom and Prayer, tarraingíonn na Cláiríní Bochta, ar ord foriata ban rialta iad atá lonnaithe i gcathair na Gaillimhe, ar a dtaithí spioradálta sa mhainistir agus molann siad cleachtais shimplí chun cabhrú linn ár n-anamacha a chothú agus braistint síochána a aimsiú dúinn féin sa saol mar atá sé inniu againn.

Tá comhairle phraiticiúil acu maidir le hullmhúchán a dhéanamh do phaidreoireacht, agus tugann siad spléachadh ar bhealaí inar féidir linn, de réir a chéile, níos mó ama a chaitheamh le paidreoireacht agus machnamh inár saol laethúil.

I measc gnéithe éagsúla an leabhair, tá ábhar machnaimh ann ar phaidreacha coitianta agus ar shleachta ó na Scrioptúir, chomh maith le paidreacha do riachtanais speisialta cosúil le lionn dubh, féin-mheas agus tinneas.
Is mór an inspioráid atá sa leabhar seo a bhfuil spioradálacht shimplí ann, agus creideamh agus dóchas á thairiscint aige don duine atá ar thóir na síochána sa lá atá inniu ann.

Suaimhneas do m'Anam - an leagan Gaeilge den phaidir Calm the Soul.

Ag tús an leabhair 'Calm the Soul', tá paidir den ainm céanna. Bhíomar den bharúil gur dheas an rud é an phaidir sin a aistriú go Gaeilge, agus d'fhiafraigh muid mar sin d'Fhearghas Mac Lochlainn an mbeadh sé sásta tabhairt faoin aistriúchán. Dúirt Fearghas go ndéanfadh sé amhlaidh agus mar atá le feiceáil thíos, is snasta an saothar é agus tá idir éirim agus bhunrithim an dáin curtha in iúl go paiteanta aige.

Mar gur amhránaí sean-nóis Fearghas, d'úsáid sé fonn traidisiúnta chun ceol a chur le Suaimhneas ag m'Anam freisin.

Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le Muintir Lennon agus le Cuan Studios, an Spidéal, Co. na Gaillimhe, as ucht na taifeadtaí sin a éascú.

Cuireadh Suaimhneas ag m'Anam i láthair go poiblí den chéad uair mar mhachnamh Iarchomaoineach i Séipéal na gCláiríní Bochta ar Lá Fhéile Pádraig 2013.

Bheadh muid an-sásta dá n-íoslódálfaí é agus dá n-úsáidfí é ar mhaithe le hobair thréadach nó ar bhealaí eile chun teachtaireacht ghrá agus trócaire Dé a chraobhscaoileadh.

Suaimhneas do m'Anam
Nuair atá mé i gcontúirt mo bháite
Is mo bhád ar an bhfarraige mhór
Má labhrann an Tiarna go lách liom
Beidh suaimhneas ag m'anam is só.

Is cuma faoi fharraigí arda
Faoi anachain, anró agus stró
Má tá mé faoi chúram do lámha
Beidh suaimhneas ag m'anam is só

A Thiarna tá an saol thrína chéile
Agus téann muid amú ins an gceo
Ach má thugann Tú treoir dhúinn is léargas
Beidh suaimhneas ag m'anam is só.

Is minic nach mbímse i ndáiríre
Ach ag aithris os comhair an tsaoil mhóir
Má chuidíonn Tú liom a bheith dílis
Beidh suaimhneas ag m'anam is só.

Nuair a airímse ciontach is náirithe
Nuair atá meáchan na bpeacaí ró-mhór
Iarraim maiteanas ar Rí na nGrásta
Is beidh suaimhneas ag m'anam is só.

Bím ag stracadh le donacht is dólás
Bím ag stracadh le tinneas is brón
Ach tugann Tú sonas is sólás
Agus suaimhneas do m'anam is só.

© Fearghas Mac Lochlainn 2013



© Clares, Galway | Eolas Cóipchirt